An Bradán Feasa

4ú Feabhra
Seisiún Ceol

11 Feabhra
Oíche Vailintín

18ú Feabhra
Seisiún Ceoil

Aoine 24 Feabhra
Dámh na Mí
Amhrán chois Tine
Oíche Scéalaíochta

Beidh Amhrán Chois Tine ar siúl ar an Aoine dheireanach den mhí as seo amach.

25ú Feabhra
Seisiún Ceoil

Márta
1ú Márta
Tráth na gCeist le hi
Rith 2012

www.rith.ie/rith2012

3ú Márta
Seisiún Ceoil

17ú Márta
Micheál agus a Chairde

18ú Márta
Seisiún Ceoil

25ú Márta
Seisiún Ceoil

Aibreán 20-22
Comóradh 75 Laimbé- Tuilleadh sonraí sa chéad Gheaitín eile

5ú Bealtaine
Comórtas Pool

 

 

An Geaitín
Mí Feabhra 2012
Comharchumann Ráth Chairn
rathcairn@eircom.net
Fón: 046 9432381
 

Scéim Pleanáil Teanga
Language Planning Scheme 2012

Rang Gaeilge do Mhuintir na hÁite
New Irish class for people living in / connected with Ráth Chairn
Starting 8 Feb.
1. Absolute Complete Beginners
2. Fluency Classes /
Rang Líofachta

Féach anseo: Click here for Information.
9432068 or Ring Simon 086 1533479

 

Oíche Vailintín - 11 Feabhra
Cóiriú Bréagach Vailintín sa gClub

Fancy Dress for Valentine
Duais don iarracht is fearr. Bígí ann!

 
Siamsóir na Mí 2012
I Limbo atá an buaiteoir i mbliana: – 1ú Áit -Catherine Ní Shúilleabháin a bhuaigh Corn Mháirtín Uí Chonaire 2ú Áit -Éanna Ó Cróinín, 3ú hÁit -Micheál Ó Súilleabháin.
Luc Ó Meachair a bhuaigh Corn Jimí Uí Mhealóid agus Saoirse Ní Aogáin a bhuaigh Corn John Uí Chonaire. An-oíche go deo a bhí ann.
 
Leabhrán Nua: New Booklet:
Raising Bilingual Children in Ráth Chairn

Ag tógáil gasúr dhátheangach i Ráth Chairn

Advice for parents on how to pass on our language successfully to their children.
Tá an Leabhrán Nua Foilsithe ar an idirlíon ag CCRC
This Important New Booklet is produced by CCRC and available on website: www.rathchairn.net

Féach anseo: Click here for Booklet.

Pleanáil Teanga 2012 Language Planning 2012
 
Ciorcal Comhrá Chois Tine sa mBradán Feasa.
A great chance to improve your spoken Irish.
Gach dara Déardaoin ag tosú ar an 23 Feabhra ag 9.00in.
Every second Thursday starting on 23 February at 9pm.
Beidh tae agus caifé ar fáil.
 
Ranganna Oíche
Ranganna Oíche ag tosú i Mí Mhárta 2012
Cúrsa Deileadóireacht Woodturning
5 seachtaine le Máirtín Davy Ó Coisdealbha
Scátháin, Cloig
Costas: €100. Tuilleadh eolais 046 9432068
 

Suíomh Tí
Tá suíomh tí le díol ag Comharchumann Ráth Chairn faoi láthair. Ta an suíomh seo feiliúnach do dhaoine ar mhaith leo teach chónaithe a thógáil sa nGaeltacht agus a bheith páirteach i saol agus i gcultúr na Gaeltachta.

 

Leabharlann Ráth Chairn
Bí i do bhall den Leabharlann áitiúil. Tá sé oscailte do gach duine a bheith mar bhall. Níl uait ach do theastas tiomána nó bille tís le do sheoladh air a thaispeáint. Níl aon chostas i gceist. Is féidir leas a bhaint as an leabharlann trí na leabhair Gaeilge, Béarla agus teangacha eile a thógáil amach duit féin. Níl ort ach bualadh isteach sa leabharlann chun úsáid a bhaint as ríomhairí, taighde a dhéanamh, páipéar laethúil a léamh nó staidéar a dhéanamh.

Tá dlúth-dhioscaí ceoil agus DVD’s le fail freisin. Míle fáilte roimh chuile dhuine .
Uaireanta oscailte do Leabharlann Ráth Chairn
Dé Máirt & Déardaoin 2-4in & 6.30-8.30in Satharn 11rn-1in

 
Tar chun cónaithe i nGaeltacht Ráth Chairn
Má tá suim agat teacht chun cónaithe i Ráth Chairn Glas Gréine na Mí nó gnólacht a chur ar bun ann beidh lá agus oíche mhór eolais á heagrú ann ar an Satharn, 3ú Márta 2012. Taispeánfar na suíomhanna, tithe, spásanna siopa is bialainne agus na spásanna oifige atá ar fáil dóibh siúd a thagann. Freisin, eagrófar caint ar stair Ráth Chairn agus oíche mhór talainne ar an oíche. Má tá a thuilleadh eolais uait faoi seo déan teagmháil le Comharchumann Ráth Chairn ar 046 9432381, cuir ríomhphost chuig rathcairn@eircom.net, nó, cuir teachtaireacht phearsanta chuig facebook Ráth Chairn.
 
Nuachtlitir Átha Buí le Gaeilge - Mí Feabhra 2012
Bilingual Monthly Newsletter
Lá na Féile Bríde
Féach: http://www.athbui.com/
 
Adhradh na Sacraiminta Naofa
Bíonn Adhradh an tSacraimint Naofa ar siúl gach Déardaoin i Séipéal Ráth Cairn ón 6-10i.n. Is féidir leat fhéin do rogha méid ama a chaitheamh os comhair na
Sacraimint Naofa. Seo seans deas chun am ciúin a bheith agat ar do shuaimhneas. Tá fáilte romhat
 
Grúpa Tuistí & Paistí/Parent Toddler Group
Teacht le chéile gach Máirt 9.45-11.30rn. Áras Pobail Ráth Chairn
Fáilte Romhat bualadh isteach/All Welcome 046 9432381/9432068
 
Spás Oifige
Is mian leis an gCoiste a fhógairt go bhfuil spás oifige le ligeann ar cíos i Ráth Chairn faoi láthair. Tá an spás seo feiliúnach d’eagraíochtaí a dhéanann a ngnó trí Ghaeilge agus gur mhaith leo a bheith ag feidhmiú i gcroí lár na Gaeltachta. Más spéis leat nó le d’eagraíocht an scéal seo glaoigh ar an oifig ar 046 9432068 chun breis eolais a fháil.
 
Coláiste Pobail Ráth Chairn
Comhghairdeas le Coláiste Pobail Ráth Chairn agus Pobalscoil Mhaigh Dearmhaí a bhuaigh Craobh Laighean i Roinn D ar an Aoine seo caite i Troim in aghaidh Choláiste Pobal Áth Buí. RC/Pobalscoil Mhaigh Dearmhaí 3.8 in aghaidh Pobalscoil Áth Buí 3.5
 

Glór na nGael Teo
Seo an t-am den bhliain go bhfuil foireann Ghlór ag clárú na gcoistí do chomórtas 2012. An bhfuil do cheantar páirteach? Gach eolas ar www.glornangael.ie nó 046/9430974
Duaischiste gur fiú €150,000, agus tá comórtaisí ann ag go leor Leibhéal éagsúla.

http://www.udar.ie/- Siopa ar líne Ghlór na nGael – leabhar, cluichí, póstaeirí 7rl.

 
Ballraíocht sa mBradán Feasa
Tá sé riachtanach go mbeidh gach duine a bhaineann úsáid as an club cláraithe mar bhaill. Ta sé in am athnuachan a dhéanamh ar do bhallraíocht anois. Tá Costas €5 le bheith mar bhaill. Caithfear é seo a chur i bhfeidhm chun cloígh i gceart leis na ndlíthe a bhaineann le Clubanna.
Reminder for members of Club Ráth Chairn to please renew their membership costing €5 for this coming year. Go raibh maith agaibh.
 
Giom Ráth Chairn
Má tá suim agat an Giom a úsáid, cuir glaoch ar oifig an gComharchumainn (046) 9432381/9432068. Ballraíocht €75 don bhliain agus €20 don eochair
 
Bun Scoil Uí Ghramhnaigh, Ráth Chairn
Suíomh Idirlín Nua
Tá suíomh idirlinn nua ag an mbunscoil i Ráth Chairn. Tá chuile eolas faoin scoil le fáil ar.
http://www.bunscoilrathchairn.ie/
 
AN GEAITÍN
046 9432381/9432068  rathcairn@eircom.net 
Foilsithe ag Comharchumann Ráth Chairn