
Irish Courses for Adults
If you thought the Gaeltacht was just a place where teenagers go in the summer, you're in for a pleasant surprise. Whether you would like to brush up on your Irish or spend a social weekend away from it all, you'll be surprised to find a great many like-minded people of your age doing the same. It's never too late to go back ... don't you remember wishing if you "could do it all again"...
Weekend Courses
(available all year except Bank Holiday w/ends)
Cultural Holidays
Relax and enjoy the Gaeltacht as a holiday destination with a difference. Rich in cultural heritage, Meath has a lot to offer those on a quest to experience while they relax. Irish classes for all levels of ability are organised along with social evenings, dance classes, tours and cultural talks. Set-dancing, traditional music sessions, singing, sean-nós dancing, céilí, gan trácht ar chraic all play their part in making Ráth Cairn a place where visitors become familiar faces.
Individuals, smaller groups and organisations wishing to mix with people from other groups may inquire about our open courses. In this way individuals and smaller groups of mixed language ability can join in the fun. |
Cúrsaí do Dhaoine Fásta
Má cheap tú gur áit do dhéagóirí ar chúrsaí samhraidh amháin a bhí sa Ghaeltacht, cuirfear iontas an domhain ort. Filleann ‘déagóirí’ Ráth Chairn arís agus arís eile! Cibé acu ag iarraidh ‘snas’ a chur ar do chuid Gaeilge nó deireadh seachtaine caidrimh a chaitheamh i bhfad ó ghleo an tsaoil, is ortsa a bheidh an t-iontas nach agat féin amháin a bhí an smaoineamh dul ann. Nach cuimhneach leat a bheith ag súil le filleadh ar an nGaeltacht? Seo do sheans an deis a thapú.
Cúrsaí Dheireadh Seachtaine
(ar siúl i rith na bliana ar fad ach deireadh seachtainí fada)
Cúrsaí Dheireadh Seachtaine
(Meán Fómhair go Bealtaine)
Saoire Chultúrtha
Lig do scíth agus bain taitneamh as an nGaeltacht mar ionad saoire le héagsúlacht. Tá an Mhí lán de chultúr, tá cuid mhaith le hofráil aici dóibh sin atá ar thóir na heachtraíochta agus na scíthe. Eagraítear ranganna Gaeilge do gach leibhéal cumais in éineacht le tráthnóntaí sóisialta, ranganna damhsa, turais agus cainteanna faoin gcultúr. Tá an damhsa seit, na seisiúin cheoil thraidisiúnta, an amhránaíocht, an damhsa ar an sean-nós, na céilithe, gan trácht ar an gcraic, ar fad mar chuid de thuras go Ráth Cairn, turas a mheallfaidh ar ais thú.
Féadfaidh daoine aonair, grúpaí agus eagraíochtaí beaga a dteastaíonn uathu a bheith I gcomhluadar le daoine ó ghrúpaí eile eolas a lorg faoinár gcúrsaí oscailte. Sa gcaoi seo féadfaidh daoine aonair agus grúpaí beaga ar chumais éagsúla teanga páirt a ghlacadh sa spórt is spraoi.
|
Aoine
7.00 Fáiltiú sa mBradán Feasa
7.20 Dul ag na Tithe Lóistín don Tae
9.00 Stair na hÁite sa mBradán Feasa
10.00 Oíche Cheoil sa mBradán Feasa
Satharn
9.00 Bricfeasta
9.45 Taistil chun an Halla
10.00 Rang
10.45 Sos Tae/Caife
11.00 Rang
11.45 Sos
12.00 Rang
12.45 Taistil chuig na Tithe don Lón
2.15 Filleadh ar an Halla
2.30 Ranganna nó Turas
(mar shampla, Brú na Bóinne, Caisleán Átha Troim.
Beidh costas breise i gceist le turas).
5.30 Taistil chuig na Tithe don Tae
8.30 Damhsa
10.00 Seisiún Ceoil sa mBradán Feasa
Domhnach
9.00 Bricfeasta
9.45 Taistil chuig an Halla
10.15 Aifreann
11.00 Filleadh abhaile

Sliabh na Caillí
The Witches Mountain
|

Tlachta na nDraoithe
Tlachta of the Druids

Ceol sa mBradán Feasa
Music Song and Dance in 'An Bradán Feasa'

Caisleán Átha Troim
|
Is iad riachtanais na mac léinn a shocraíonn ábhar na gcúrsaí seo. Cuirfear teagascóirí ar fáil, nó féadfaidh na coláistí a dteagascóirí féin a chur ar fáil, agus úsáid a bhaint as Ráth Chairn mar ionad seimineár. Bíonn tráthnóntaí sóisialta, turais, cainteanna faoin gcultúr, agus ranganna sa damhsa seit, san amhránaíocht, sa damhsa ar an sean-nós agus céilithe ann mar chuid d'atmaisféar ilchodach Ráth Chairn.
Rogha Clár:
Cúrsa Deireadh Seachtaine (Meán Fómhair go Bealtaine)
Cúrsa Coicíse (Meán Fómhair agus Cáisc) |