| Baile - Home |
.jpg) |
Fáilte go Ráth Chairn Glas na Mí |
|
Ofrálann an Ghaeltacht bheo seo, Ráth Chairn, timpeallacht idéalach chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus a chleachtadh. Tá áiseanna ann do gach aoisghrúpa a tharraingíonn daltaí, mic léinn agus cuairteoirí cultúir ó áiteanna i gcéin is i gcóngar. Ní gá mórán taistil a dhéanamh le teacht orainn!
Agus muid i gcontae Ríoga na Mí, nílimid ach uair an chloig ó Bhaile Átha Cliath, agus táimid láimh leis an Uaimh, Ceannanas, Baile Átha Troim agus Baile Átha Buí. Tá stór seanchais staire agus síocháin na tuaithe le fáil anseo agus gheobhaidh tú comhluadar breá a fheilfidh duitse má théann tú ar cuairt chuig an nGaeltacht speisialta seo. |

Grúpa Cróiseáil Ráth Chairn
Oíche mhór i Leabharlann Ráth Chairn

Bhí Oíche mhór i Leabharlann Ráth Chairn ar an 15ú lá de Bhealtaine - Cranchur na Pluide a bhailigh os cionn E2000 ar son Oispís na Mí. Anne O'Reilly ón HSE atá sa bpic. ag glacadh an seic.

Cómoradh Laimbé - 75 Bliain Beo
John Jeainín Ó Conaire as an Siléar i Ros Muc a tháinig go Laimbé i 1937 agus John Manion ag bronnadh pictúir de Ros Muc air. Sa bictúir in eineacht leo tá Bairbre Sonny Mhaichil.
I 1937 d’aistrigh trí theaghlach déag as Chonamara go Laimbé, Cill Bhríde, Áth Throim, Co. na Mí.
Tháinig muintir Laimbé aniar dhá bhliain i ndiaidh do mhuintir Ráth Chairn teacht mar nach raibh na tithe tógtha dóibh go dtí sin.
Tugadh dhá acra fichead, dhá bhó, capall agus cairt, ál sicíní, cearca agus coileach do gach teaghlach. D’fhág na daoine seo a dtailte féin, a ngaolta agus a gcairde ina ndiaidh agus chuaigh ar aistear mór soir go Contae na Mí.
Liosta de na teaghlaigh a tháinig aniar i 1937
Tigh Chóil Choilm- Mac Donncha- Doire Choill
Tigh Mháirtín Phat Sheáin – Mac Con Ríogh- Cloch Mór
Tigh Bheairtle Pheige- Ó Curraoin- Coill Rua
Tigh Mhaidhcil- Ó Conghaile- Ros Muc
Tigh Chóilín Choilm Shíomóin- Ó Conaire- Ros Muc
Tigh Jeaínín Mháire - Ó Conaire-Ros Muc
Tigh Tom Mháirtín-Ó Máirtín -Camus
Tigh Steaif Eoin – Ó Neachtain -Glinneán
Tigh Thomáisín – Ó Cualáin - Baile na hAbhann
Tigh Mháirtín Pháidín – Ó Conghaile - Camus
Tigh Fólaí - Ó Cualáin - Corr na Rón
Tigh Tim Mháirtín Mhan – Ó Loideáin - Seana Mhóinín
Tigh Phádraig Shéamuis–Ó Conghaile -Baile na hAbhann
|
Céard 'tá ar siúl?
Fógraí |
| |
Na Casadaigh sa mBradán Feasa
19 Bealtaine ag a 10.00i.n.
Beidh ceoltóirí, amhránaithe agus damhseoirí áitiúla in éineacht leo.
E5 isteach.
 |
| |
Ní bhíonn in aon rud ach seal!
Drama na hIdirbhliana
Coláiste Pobail Ráth Chairn
in Áras Pobal Ráth Chairn (An Club)
Dé Céadaoin 23ú Bealtaine 7.30in.
Costas €5 nó €10 an clann
|
| |
Ceol sa mBradán Feasa
Gach oíche Dé Sat.
Music sessions in An Bradán Feasa every Saturday night.
Fáilte roimh cheoltóirí.
Bígí linn. |
| |
Grúpa Tuismitheoirí agus Páistí
Children and Toddler Group
Gach maidin Dé Máirt
9.45-11.45rn san Áras Pobal. |
| |
| Nótaí ó Choláiste Pobail Ráth Chairn -Féach Nuachtlitir Ráth Chairn - Newsletter Click Here |
| |
Ranganna Gaeilge do Mhuintir na hÁite
Scéim Pleanáil Teanga 2012 www.rathchairn.com
Language Planning Scheme 2012
Irish classes for people living in/connected with Ráth Chairn
Ranganna i mBealtaine agus Meitheamh
Classes in May and June
Basic Level – Tuesdays – 2,9,16,23,30 May
Meán Leibhéal – Críochnaithe anois don samhraidh – Obair théacsáil agus r-phoist ag leanacht ar aghaidh
Seisiúin Líofachta – 9, 16, 23, 30, Bealtaine, 6 Meiteamh.
Teagmháil / Contact: Ann – 9432068 agus rathcairn@eircom.net
Put your name down for next round of language learning now.
Details Here/Sonraí Anseo
|
|
 
Cúrsaí i Labhairt na Gaeilge
Irish Language Courses & Cultural Holidays
Fáilte go hÁras Uí Ghramhnaigh ar Mhachairí Méithe na Mí
Welcome to Áras Uí Ghramhnaigh in the
Ráth Chairn Gaeltacht.
Áras Uí Ghramhnaigh offers cultural holidays for adults, language courses for adults, teenagers and third-level students in the Ráth Chairn Gaeltacht.
Cuireann Áras Uí Ghramhnaigh Cúrsaí sa Ghaeilge agus san Oidhreachta Chultúrtha ar fáil do Dhaoine Fásta, do Dhéagóirí agus do Mhic Léinn Tríú Leibhéal i nGaeltacht Ráth Chairn i gCo. na Mí.
Scrúdú Béil
Mock Oral Irish Exams
Tuilleadh Eolais Anseo / More Information
Meánscoil: Second Level:
Cúrsa Lae i Labhairt na Gaeilge do dhaltaí, Céad, Dara, Cúigiú Bliain Meánscoile agus an 6ú rang bunscoile.
Day courses in spoken Irish for 1st, 2nd 5th year students (including 6th class in primary). 2/7/12- 13/7/12 & 16/7/12- 27/7/12
Tuilleadh Eolais Anseo / More Information
Bunscoil: National School:
Cúrsa Lae i Labhairt na Gaeilge do dhaoine óga. Day courses in spoken Irish for Primary School Pupils.
2/7/12- 13/7/12 & 16/7/12- 27/7/12
Tuilleadh Eolais Anseo / More Information
Tuilleadh Eolais ar fáil ó 046 9432381
nó rathcairn@eircom.net
Choice of Courses Link
|
|